← Lá dá raibh, bhí leon mór téagartha ann agus thit a chodladh air sa choill. 🔊
← Bhí a cheann mór groí leagtha ar a lapa aige agus é ar a sháimhín só. 🔊
← Bhí luchóg an-bheag ag dul thar bráid agus níor aithin sé gur leon mór a bhí ann. 🔊
← Bhuail sé isteach sa leon i ngan fhios dó féin agus dhúisigh sé é. 🔊
← Lig an leon glam mhór ard as féin agus chuir sé scanradh chomh mór sin ar an luchóg nach raibh sé in ann bogadh. 🔊
← Rug an leon greim ar an luchóg le taom feirge agus ar seisean, "Nach dána an mhaise dhuit mé a dhúiseacht. 🔊
← "Ó, ná déan, ná déan," arsa an luchóg de ghíog chráite, "is ainmhí mór groí tusa agus níl ionamsa ach ruidín beag bídeach. 🔊
← An scaoilfidh tú liom agus íocfaidh mé ar ais tú lá éigin?" 🔊
← "Ach tá tusa chomh beag sin agus is fathach mór mise agus mar sin conas a íocfaidh tú ar ais mé?" 🔊
← B'ait leis an leon an chaint seo agus ar seisean, "Ligfidh mé leat ach ní dóigh liom go mbeadh tú ábalta mé a íoc go brách." 🔊
← Ghabh an luchóg buíochas leis an leon agus bhailigh sé leis. 🔊
← Tamall ina dhiaidh sin bhí an leon ag dul tríd an gcoill agus chuaigh sé i ngreim i líontán a bhí feistithe ag lucht seilge. 🔊
← Bhéic sé agus bhrúigh sé agus tharraing sé ach saothar in aisce a bhí ann dó. 🔊
← Bhí an líontán róláidir agus bhí sé i bhfastú. 🔊
← Chuala an luchóg an gháir agus d'aithin sé gurbh é an leon a scaoil saor é a bhí i gcruachás. 🔊
← Chuaigh an luchóg anonn chuige agus ar seisean, "A Leoin Uasail, fan go ngearrfaidh mé an líontán sin duit." 🔊
← Cé go raibh na rópaí teann tiubh thosaigh an luchóg á gcogaint agus lean sé air go dtí go raibh siad gearrtha aige agus scaoileadh an leon saor. 🔊